Volume: CBÉ 0376

Date
1937
Collector
Locations
Browse
The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0341

Archival Reference

The Main Manuscript Collection, Volume 0376, Page 0341

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

On this page

  1. (continued from previous page)
    Daingean Uí Chúise agus do bhuail a’ sagart leis age’ n
    dtráig agus bhí sé cuir an abhainn do. D’fhan Muiris ar a’ dtaobh do’n abhainn nú go
    dtáinig a’ sagart. Bhíoch cloch bheannuithe ar mhneál a’ tsagairt agus nuair a gointí an ré
    ligeach sí braon fuar as go mothuíoch a’ sagart
    "A Mhuiris," ar sisean, "nuair a tháini’ sé "chaithin do
    goineach an ré?"
    "Nuair do chuir do chapall a chois deas i n-imeal
    na srúlach. Sin é ’n uair a ghoineach í".
    "Ó a Mhuiris," ar sisean, "éirím duit feasta," ar sisean, "Ní
    chuirfead ao’ chuisteach ort níosa mó."
    Ní raibh aon bhóthar ó Dhaingean Uí Chúise goTráighlí ní go Cill Áirne an t-am san ach dhá bhóthar, bóthar atá a' gabháilt ó’n nDaingean tríd an Gairithionach(1) Lios Dearagain(2) agus as san aniar go dtíocfach sé go dtí bBarra Gharraí na dTor(3) Bhí bhóthar ó’n dtaobh eile a’ teacht anuas trí bhaile ’n Bhannuig(4) agus trasna Trá Beag (5) suas trí Tobar na Múdán(6) chuin Ath a'Charabuil(7), Arda Mór(8) agus Barra Gharruí na dTor agus bhíodar
    (1) baile i par na Gairithionaí.
    (2) Baile i bPar. Chineáird.
    (3) Baile i bPar na Mineáirde
    (4) Baile i bPar na Gairithionaí
    (5) I bPar Chineáird
    (6) Baile i bPar Chineáird
    (7) Baile i bPar Chineáird
    (8) Baile i bPar Chineáird
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Date
    17 June 1937
    Item type
    Lore
    Language
    Irish
    Writing mode
    Handwritten
    Writing script
    Gaelic script
    Informant