Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)agus Baile na Saor (1) D’aistri’ sé anuas go dtí lár
Arda mór agus do thóg sé tithe ansan agus
dubhairt sé leis na cailíní na ba a chrú agus nuair
fuair sé na ba crúite do thug sé órdú é
thógaint síos agus do sgaoilfeach sé bainne na
mba leis an abhainn go mbaistfaí an abha
in a ainm féin agus tá Abha ’n Lúndrac [Lúndraig.] uirthe ó
shoin riamh.
Bhí sé ansan chuin cónaithe agus bhí fear i
n-uachtar Árda Mór agus ó Ribeárd a bhí an
talamh aige. Dónal Ó'Gráda b’eadh
é. Well bhí triúr mac aige, Seán, Tomás,
agus Séumas. Ní dhineach Seán aon obair in
aochorach ach ag imeacht agus a’ fiach do féin.
Lá do bhí an t-athair agus an beirt mhac eile ana-
ghnóthach a’ déunamh grafa chuin leasú dos na
prátaí, an chroiceann a bhuint do’n talamh
agus é trhiomú ar nós na móna agus é dho ansan
agus bin é ’n leasú.
Seadh do labhair a mháthair lé Seán.
"A Sheáin," ar sise - bhí chéuchta] nó [nua] déunta ’ge
agus theastuig bhuaig áirneach a chuir air - "A Sheáin,"
(1) i bpar na mineáirde.
(2) i bpar na í a Chineáird.(continues on next page)