Volume: CBÉ 0376
- Date
- 1937
- Collector
- Locations
On this page
- (continued from previous page)mac agus ana- ghnúthach agus eagal ortha dá gcamfach a’
deathach air go ndéunfach sé díobháil do agus bhíodar
cómh dealbh na créutuirithe, greim a dh’fhaighidís thall nú bhfus thugaidís leó ’n-a bpóca é lé túbhairt do’n mac. Lá d'os na laetheannta d’imi’ sé síos ar bhruach na trá :
"Seadh Mhaire", ar seisean, "raghai’ mé síos," ar seisean, "is túbharfai’ mé liom aníos," ar seisean, "ladhairín bháirneach agus rud," ar seisean
"Beir leat," ar sise, "an garsún i n-aonach leat agus ar chú ná 'r chleas," ar sise, "ná lig síos é i
n-imeall na trá ar eagala go dtíocfach ao’ ní' thógfach uainn é."
Mar sin a bhí. Bhailíodar leótha síos agus níor stad sé gur chuai’ sé ’on tráig agus do bhí sé
a’ prioca leis agus breac-shúil aige á thúbhairt suas i gcúnaí ar a’ ngarsúin agus i gciúnn
tamaill aimsire do chonnaic sé bean a 'bháilt trasna na trá agus a’ dul go dtí ’n ngarsún agus í ag imirt chleas leis a’ ngarsún
agus a’ cainnt leis.
"Ombaiste," ar sisean, "ní h-éinne 'mháin atá dealbh é,"(continues on next page)