School: Grianán (roll number 13178)
- Location:
- Greenans, Co. Mayo
- Teacher: Máiréad Bean Uí Riagáin
![The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 128](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0094%2FCBES_0094_128.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0094, Page 128
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Grianán
- XML Page 128
- XML “Mo Cheantar Féin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sé Pont-Abhann an t-ainm atá ar an mbaile ina bhfuil mo theach sudhthe. Cuireadh an t-ainm sin air mar tá Pont-Abhann in aice le droichead Pont-Abhann, áit ina thagann Loch Conn agus Loc Cuilinn le chéile. Tá sruth eadorta fe'n ndroicead. Tá mo theach suidhthe i bparroiste Turloch agus i mbarunthact Carra. Tá timcheall oct dtighthe in mo bhaile anois, tá díon tuighe ar chúig cinn agus dínon slinne ar thrí cinn.Tá tríur sean-duine os cionn 70 mbliadna ann. Eiblin, Bean Uí Giobúin agus Nora, Bean Ní Giobúin Pont-Abhann, Beál Easa, tá siad in ann scéalta a innsint i nGaedhilg. Mo shean-mhathair Sorcha, Bean Uí hÉalaigh tá sí in ann scéalta a innsint i mBéarla.Tá áilneacht ar leith ag baint le Pont-Abhann. Deintear a lán iascaireachta i Loch Conn agus Cuilinn. Téigheann a lán daoine ó Shasana agus ó Aimeirca cun Pont-Abhann á fhéiceal. Tugtar " Cill Áirne an Iarthair " uirthi. Tá dhá theach ósta i bPont-Abhann, Teach Ósta na n-Iasgaire agus Teach Ósta Droicead Pont-Abhann.Tá teach i Pont-Abhann darbh ainm " Pontonn Lodge ". Fadó thug Lord Lucan airgead chun an teach a thógaiL. Díol sé an teach don Tighearna Clanmuiris (-) feabhas air. Nuair a bhí se in-a chomnuidhe annsin ar feadh trí mblidadhan déág díol; sé an teac do mhuinntir De Bron.(continues on next page)
- Collector
- null
- Gender
- Female