Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 128
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé Pont-Abhann an t-ainm atá ar an mbaile ina bhfuil mo theach sudhthe. Cuireadh an t-ainm sin air mar tá Pont-Abhann in aice le droichead Pont-Abhann, áit ina thagann Loch Conn agus Loc Cuilinn le chéile. Tá sruth eadorta fe'n ndroicead. Tá mo theach suidhthe i bparroiste Turloch agus i mbarunthact Carra. Tá timcheall oct dtighthe in mo bhaile anois, tá díon tuighe ar chúig cinn agus dínon slinne ar thrí cinn.Tá tríur sean-duine os cionn 70 mbliadna ann. Eiblin, Bean Uí Giobúin agus Nora, Bean Ní Giobúin Pont-Abhann, Beál Easa, tá siad in ann scéalta a innsint i nGaedhilg. Mo shean-mhathair Sorcha, Bean Uí hÉalaigh tá sí in ann scéalta a innsint i mBéarla.Tá áilneacht ar leith ag baint le Pont-Abhann. Deintear a lán iascaireachta i Loch Conn agus Cuilinn. Téigheann a lán daoine ó Shasana agus ó Aimeirca cun Pont-Abhann á fhéiceal. Tugtar " Cill Áirne an Iarthair " uirthi. Tá dhá theach ósta i bPont-Abhann, Teach Ósta na n-Iasgaire agus Teach Ósta Droicead Pont-Abhann.Tá teach i Pont-Abhann darbh ainm " Pontonn Lodge ". Fadó thug Lord Lucan airgead chun an teach a thógaiL. Díol sé an teach don Tighearna Clanmuiris (-) feabhas air. Nuair a bhí se in-a chomnuidhe annsin ar feadh trí mblidadhan déág díol; sé an teac do mhuinntir De Bron.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Ní hÉalaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Pontún, Co. Mhaigh Eo