Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Shrule, Co. Mayo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 123
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainm agus seóladh an sgéaluidhe: Séamus Ó Ceileacháin
Deirín, Sruthar.
Aois: 60Bhí beirt dearbhrathair ann fadó.
Thugar Micheál agus Seán ortha. Bhíodar ann bhocht. In éineacht lena bheith bocht bhíodar ann leithsgeamhail freisin. Maidin lae Nodlag amháin, ní raibh le n-ithe acu acht pota beag fataí. Ní raibh le na bhruitheadh acht cúpla cipíní fuara. Bhí sé timcheall 'na deich a clog, nuair a dhúisigh siad ar maidin. "Éirigh, a Mhicheál," adeir Seán, agus féach amach cén sórt maidin é. D'éirigh Micheál agus d'fhéach sé amach an fhuinneóg bheag. "Maidin fliuch atá ann" adeir sé.
"Cuir síos teine agus bruith an pota fata sin, aguis éirióchaidh mé féin nuair a bhéidh siad bruite, adeir Seán.
"Is fada go mbeidh siad bruite, mar níl againn acht cúpla cipíní le teine a dhéanamh," adeir Micheál.
Dubhairt Seán: "Sin é an chaoi is fuide a mhairifidh siad. Nuair a bheidh siad bruite, agus nuair a bheidh siad ithte, ní bheidh aon rud eile le n-ithe againn." Chuir sé síos an teine ar chaoi ar bith, agus chroch sé na fataí. Is bhí an t-ocras ag teannadh leobhtha. "Níl fhios agam céard(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Céileacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Shrule, Co. Mayo