Scoil: Sruthar (C.)
- Suíomh:
- Shrule, Co. Mayo
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Éanacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sruthar (C.)
- XML Leathanach 158
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíos ceo le gealach nua is maith an cómhartha é. Ceo le sean ghealaigh is cosamhlacht báistighe é. Nuair a bhíos na cnuic i bhfad uainn ag féachaint i ngar dúinn is cómhartha báistuighe é. (From Father James Keleghan, 60yrs) (Treasa Ní Cheileacháin. Deirín).
- Nuair a bhíos an spéir dubh dorcha is cómhartha báistuighe é. Nuair a éirigheann an ghrian dearg is cómhartha droch-aimsire é. Tagann báisteach nuair a bhíonn a lán réalta ina an spéir. Tagann báisteach nuair a thuiteann sugha ó'n simléar. Nuair a éirigheann an tráthnóna socar ciúin, tar éis lae gairbh is cómhartha baistiughe é. Is cómhartha seaca nuair a thagas an spideóg go dtí an doras. Is cómhartha droch aimsire é nuair a lúigheann na préacháin i líne fada ar an mballa. (From Father Hugh Cahill, 60 yrs) (Máire Ní Cathail, Carramór).
- Bailitheoir
- Máire Ní Chathail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carrowmore, Co. Galway
- Faisnéiseoir
- Hugh Cahill
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Carrowmore, Co. Galway
- Bíonn fuaim na gaoithe faoi an doras nuair a bhíos an báisteach ag teacht. Nuair a bhíos sneachta ag teacht, bíonn an cat ag crónán ag an teine agus tagann an spideóigín cuig an doras. Bíonn an ghaoth an fhuar, agus an oidhche an dubh.
Nuair a bhíos sioc ag teacht, bíonn na laetha geal agus bíonn a lán réalta ins an spéir ins an oidhche. Nuair a bhíos Cruach Phádraig le feiceál go soiléir is maith an cómhartha é. Nuair a bhíos a lán beacha a na bóithribh; sin cómhartha báistighe.
(From Father Stepehn McDonagh 55 yrs) Caitlin Ní Dhonnacha, Ramdlinn.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhonnacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ramolin, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Stephen Mc Donagh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Ramolin, Co. Mayo