School: Log Buidhe (roll number 15539)
- Location:
- Lugboy Demesne, Co. Mayo
- Teacher: Seán de Crúis
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Log Buidhe
- XML Page 052
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Daoine Cáileamhail.San t-sean aimsir bhíod na daoine i bfadh níos láidhire go mhór mhór na fir na mar mar [!] atáid i lathair na h-úaire.
Is iomdha gniomh cáileamhail a rinneadhar le linn a saoghal níl na daoine leat chomh maith anois na mar bhíodar san am sin.
Bliadhanta ó shóin bhí beirt fhear ag clamp[ar] agus is beag nach raibh sé in a throid eatorr[a] fé chloic mhóir do bhí i gCill Tullach.
Dubhairt duine aca go gcaitfeadh sé an chloc níos fúide na an (daoine) duine eile agus is mar siúd do bhíodar ar feadh leat úaire.
Annsin d'éirigh duine aca fearagach agus thóg sé an chloc suas in a láimh dheis agus d'árdhu[igh] sé é gur chait sé chomh fada bhfeidheir leis agus cár thuit sé act i lár pháirc mhór i Liosdubh.
Tá an chloc sin ann fós agus béidh sé a[nn(?)] mar ní n-iompróchad dár éig i lathair na h-úaire é tá sé chomh trom laidhir sin.- Collector
- Sighle Ní Mhainnín
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Bhaldraithe
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Gabha