School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear darbh ainm do Séan Ó Tuathail ina chomhnuidhe i Sraith-an-t-Seagail tuairim trí scór bliadhan ó shoin. Tá a shliocht go fóill ann. An Gleacaidhe a tugtaoi ari seo mar bhí sé chomh laidir aícilidhe. Nuair abhí sé ina fhear óg chomhnuidhe sé féín agus a mháthair i Leacht Murchadha. An oidhche seo tháinig daoine de Chlann Dhomhnaill as Tír Amlaidh le na mharbhughadh. Bhí strainseírí isteach rompa féín ionnus nach dtuigfeadh Séan céard abhí futha a dhéanamh. Ach mhuithigh Sean go rabh siad le teacht agus bhí sé ullamh rompa. Chomh luath is a chuir an chéad Strainséar a chloigeann isteach mharbhuigh Séan é le buille de bhata. Rith an chuid eile idir Stráinséirí agus Dómhnallaigh (?) agus níor tháinig siad ar ais arís. Thu;g Séan an corp go bárr cnuic (?) san áit agus tá sé curtha annsin.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní hEarcáin
- Gender
- Female
- Address
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Informant
- Seán Ó hEarcáin
- Relation
- Unknown
- Gender
- Male
- Address
- Port Durlainne, Co. Mayo