Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear darbh ainm do Séan Ó Tuathail ina chomhnuidhe i Sraith-an-t-Seagail tuairim trí scór bliadhan ó shoin. Tá a shliocht go fóill ann. An Gleacaidhe a tugtaoi ari seo mar bhí sé chomh laidir aícilidhe. Nuair abhí sé ina fhear óg chomhnuidhe sé féín agus a mháthair i Leacht Murchadha. An oidhche seo tháinig daoine de Chlann Dhomhnaill as Tír Amlaidh le na mharbhughadh. Bhí strainseírí isteach rompa féín ionnus nach dtuigfeadh Séan céard abhí futha a dhéanamh. Ach mhuithigh Sean go rabh siad le teacht agus bhí sé ullamh rompa. Chomh luath is a chuir an chéad Strainséar a chloigeann isteach mharbhuigh Séan é le buille de bhata. Rith an chuid eile idir Stráinséirí agus Dómhnallaigh (?) agus níor tháinig siad ar ais arís. Thu;g Séan an corp go bárr cnuic (?) san áit agus tá sé curtha annsin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní hEarcáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hEarcáin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo