School: Port Urlainn
- Location:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Teacher: Liam Breathnach
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Port Urlainn
- XML Page 266
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)diamhar na Trionóide Ró-naomhtha. Cuireann muinntir na h-Éireann dlaoi de. na seamróga dá ngaolta thar sáíle agus bíonn athas orra a fhághail.
Lá Fheile Eogain:-Tuiteann an fhéile seo ar an 24adh Meithimh agus an oidhche roimhe sin sín é Oidhche Fheile Eogainn. Ar fud na tíre an oidhche sin bíonn teinte móra cnámh lasta agus bíonn daoine cruinnighthe thart orra go dtí uair a 12 nó níos deireannaighe go minic. I dtoiseach cruinnigheann muinntir an bhaile cruach bheag mónadh ar thaobh an bhóthair nó sa mbogach agus soláthuigh (?) duine cnámh. Roimh dul faoi na gréine tugtar teine do'n mhóin agus na crompáin agus bíonn gach aobh ag iomaidheacht féachaint cé aca abfhearr a bhéas teine aca. Bionn breac-sholus go fóill ann nuair a chruinnigheann na buachaillí agus cailíní óga agus corr shean-duine ar an teine-cnámh. Suidheann siad(continues on next page)- Collector
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Gender
- Female