Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Port Urlainn
- XML Leathanach 266
- XML “Féilí na Bliana”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)diamhar na Trionóide Ró-naomhtha. Cuireann muinntir na h-Éireann dlaoi de. na seamróga dá ngaolta thar sáíle agus bíonn athas orra a fhághail.
Lá Fheile Eogain:-Tuiteann an fhéile seo ar an 24adh Meithimh agus an oidhche roimhe sin sín é Oidhche Fheile Eogainn. Ar fud na tíre an oidhche sin bíonn teinte móra cnámh lasta agus bíonn daoine cruinnighthe thart orra go dtí uair a 12 nó níos deireannaighe go minic. I dtoiseach cruinnigheann muinntir an bhaile cruach bheag mónadh ar thaobh an bhóthair nó sa mbogach agus soláthuigh (?) duine cnámh. Roimh dul faoi na gréine tugtar teine do'n mhóin agus na crompáin agus bíonn gach aobh ag iomaidheacht féachaint cé aca abfhearr a bhéas teine aca. Bionn breac-sholus go fóill ann nuair a chruinnigheann na buachaillí agus cailíní óga agus corr shean-duine ar an teine-cnámh. Suidheann siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann