School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 506
- XML “Táin Bó Fliadhais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thrí cead fear sa ló gan caint ar mná agus páiste.
Bhí bárd ag Maedbh darbh ainm Bricn[e.] Droch-fhear a bhí ann agus ba mhaith leis troid a ghríos[adh] idir daoine. D'fhág sé Rath Cruachain agus chuaidh sé to dtí F[liadh]ais i Ráth-Morgán. Thosuigh sé ag moladh Feargus Mac Ro[igh?] dí gur thuit sí i ngrádh leis agus ba mhaith leí é a [fheic?]eál. Chuaidh Bricne ar ais go dtí Rath Cruachan agus thosuigh sé ag molad Fliadhais agus an bó iontant[tach] do Fheargus. Chuir sé é faoi gheasa a theacht agus Fliadha[is] agus an bó mhaol a ghoid. Tháinic éad ar Maedbh ann[sin?] agus thug sí cead do Fheargus a theacht go Ráth-Mórgan[.] Tháinic sé le arm. Nuair abhí siad ag teacht thái[nic] Oilioll Finn rómpa ag Crois Maoilíne agus bhí fh[...] aige an graithe abhí acu. D'fhiafruigh sé díobh an ag tea[cht] cun Fliadhais agus an bhó a ghoid a bhí siad agus dubhairt [siad] gurb eadh. Annsin Oilioll go gcaithfeadh sé troi ar a[n] lá thar na bhárach. Bhí an bheirt airm réidh agus thos[uigh] an troid acht nuair a thóg Feargus an claidheam[h] chonnaic sé gur ceann bréagach a bhí ann agus b['éigin?] dó ghéilleadh agus ghabhadh é mar príosúnach agus cuir[eadh] isteach san dún é ag Ráth Mórgan.
Bhí Bricne le Fearg[us](continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Síle Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Bangor, Co. Mayo