School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 505
- XML “Táin Bó Fliadhais”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Táin Bó Fliadhais.Tharluigh Táin bó Fliadhais tar-éis Táin bó Cuailgne. Nuair a mharbhuigh Concubhar Mac Nessa, rí a bhí ar an gCraobh Ruadh Clann Uisneach tháinig fearg ar Feargus mac Ríogh agus d'fág sé Eaman Macha an áit a raibh an Craobh Ruadh in a gcomhnaidhe agus tháinic sé go Ráth Cruachan le seirbhís do Maedb bainríoghan Connachta. Thuit Maedbh i ngrádh leis. Thug Oilliol fear Mhaedbh sin fé deara. Tháinic fearg air agus bhain sé an ceann bréagach de. Chuir sé ceann bréaga in a h-ionad.
Bhí taoiseach ar Iorras darbh ainm Domhnall Dualbaidhe. Bhí sé in a chómnuidhe i nGleann Caistil. Bhí mac aige darbh ainm Oilliol Finn agus bhí dún aige ag Ráth Mórgan agus bhí sé in a chomhnuidhe ann. Bhí dún eile aige amuigh ag Crios-Mhaoilíne agus arm mór aige ann le cosc a chur leis an námhaid a bheith ag teacht isteach go h-Iorrais.
Bhí bean ag Oilliol Finn darbh ainm Fliadhais Foltceann. Bhí sí an-dheas ar fhad agus bhí bó iongantach a thiubhradh bainne do(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Address
- An tSraith, Co. Mayo
- Informant
- Síle Ní Mhurchadha
- Gender
- Female
- Address
- Bangor, Co. Mayo