School: An tSraith
- Location:
- An tSraith, Co. Mayo
- Teacher: Seán Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An tSraith
- XML Page 531
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Págánach é sin agus annsin sochruigh siad na teinte cnámh do dhéanamh ar oidhche lá Fhéil’ Sheáin.Oidhche Shamhna:
Bíonn oidhche Shamhna ar an oidhche dheireanach de Dheireadh Fóghmhair. Ar an oidhche sin déantar go leór cleasanna in gach teach, ag imirt dalóige, agus ag déanamh cacaí agus ag cur fáinne ionta. Ar an oidhche caithtear turnaipí agus cabáiste ag na dóirse.Oidhche Nodlag:
Ar oidhche Nodlag do rugadh Íosa Críost i stábla, i mbethel thoir. Ar an oidche sin bhíonn coinnle ar lasadh ar na fuinnéoghaibh ins gach teach, agus bhíonn na dóirse ar fhosgailt go dtí a do dhéag a chlog. Deirtear go mbíonn an Mhaighdean Mhuire ag dul thart ó theach go teach agus b’fhéidir go dtiocfá sí isteach nuair a bhíonn na doirse ar fhosgailt. Bhíonn fleadh mór i ngach teach an oidhche sin agus bhíonn bród ar gach duine freisin.Lá Fhéile Stiofáin:
Tuiteann lá Fhéile Stiopháin ar an lá in-éis lá Nodlag. Ar an lá sin éirigheann gach gasúr go moch, agus téigheann siad amach(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Mhuilligh
- Gender
- Female
- Informant
- Tomás Ó Móráin
- Gender
- Male