Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mayo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 543](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0131%2FCBES_0131_543.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 543
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhfuair Druim an Aifreann a ainm mar dubhradar ann.
DUBH-LOCHTá áite eile ann ar a dtugtar Dubhloch mar gheall ar an gcloch mór dubh atá ins an bhfairrge agus deirtear gur bheannuigh sagart an chloch agus an t-uisge a bhí thart timcheall na cloiche gur éirigh sé dubh agus sin é an fáth a tugtar Dubloch air.
POLL GORMTá áit eile ann ar a dtugtar Poll Gorm, deirtear go dtáinig bád lé gorm isteach ann, acht déirigh stoirm agus chuaidh an long síos ann agus déirigh an t-uisge thart air goirm agus tá dath gorm air fós.
UAIGH DAIGHDHA ÓGTá aill i g-Claggan agus tá plúais ann, áit raibh gadaidhe in a chómhnuidhe ann fadó, agus bhí sé ag robála gach báidh thoicfeadh isteach. D'fán sé sa phluais go bhfeicfeadh sé bád ag teacht isteach agus marbuigheadh sé na daoine a raibh sa mbád. Daighdha Óg a bhí mar ainm air. Lá amháin thainig bád isteach agus thosuigh Daighdha ag caitheamh urchar leó, agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Moráin
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mayo