School: Sean-Achaidh (roll number 12887)
- Location:
- Seanachaidh, Co. Mayo
- Teachers: Mícheál P. Ó Gallachobhair Seán Ó Dubhthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá páirc ag Éaman Mac Aindriú agus tugtar Fáílín air. Tá páirc ag Mícheál Mac Aindriú agus tugtar mannrach na gcoilligh air; fuair sé an t-ainm mar bhí sean ceallach in a comhnaidhe ann agus bhí sean teach aicí agus mar sin a bhfuair sé an t-ainm.Tá páirc ag Miceál Ó Maolálaigh agus tugtar sgeig air agus tá páric ag Sean Bairéad agus tugtar Glen Dhatta (?) air agus tá píosa eile aige agus tugtar Gaireadh na dTaidbhse air; fuair sé an t-ainm asin mar deireann na sean daoine go raibh a lán taidhbhse san páirc sin fadó agus mar sin a fuair an t-ainm. Tá píosa talmhan ag m'athair agus tugtar Gaireadh Dhaththa air; fuair sé a ainm mar bhí fear ina cómhnaidhe ann fadó agus Dhatta an t-ainm abhí air. Tá píosa eile aige agus tugtar Sean Teach air; fuair sé a ainm mar bhí sean teach ann fadó déanta as fóíd agus tá lorg an tigh le feiceál ann fós.Tá píosa talmhan eile aige agus dubairt mo shean athair gur gcuala sé a sean-athair a rádh go minic gur chuir na Celts futha ann agus go ndeárna siad(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Naillín
- Gender
- Female
- Address
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mayo
- Informant
- Seán Ó Naillín
- Gender
- Male
- Age
- 71
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc Seanbhotha, Co. Mayo