School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I
Tá an bhainseóigín seo cumhartha,
Ní luigheann drúcht uirthí na teasbach,
Nuair a thiocfas an samhradh gléigeal,
Béidh mil ag tigheacht ar barraí crann.
Tá cuaichín i Ghleann Néifinn,
Nachar fhéad mé ariamh á mhealladh,
Agus a stóirín tabhair ó'n bpéin mé,
Tá do mhéinn mhaith do mo lagadh.
II
Agus chuadhmar-ne le chéile,
Ag déanamh réidtigh go teach an t-sagairt,
Tháinig áithmhéala ar mo chéad shearc,
Agus d'éaluigh sí uaim abhaile.
Ní cumhaidh a bhí na diaidh orm,
Cidh nach é, bhí a muintir a aithreachas,
Acht ár dtabairtín ó na chéile,
Is a Dhia (Ghléigeal) Ghléigil nac mór an peachadh.
III
Gus a stóirín ó ná tréigh mé,
Mar gheall ar a bheith folamh.
Is a ghoirdeacht is bheadh poll na móna,
Ag tabhairt na mbó uainn is dá mbasgadh.
Dá mbeidhinn is tú pósta,
Is go n-Éireochadh an saoghal go maith linn,
Bheadh airgead i n-ár bpócaibh,(continues on next page)- Collector
- Éamon Mac Giolla Mhártain
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Mártan Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Killerduff, Co. Mayo