School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Agus ór buidhe le sgapadh.
IV
B'ait liom an fear ar foghnamh,
I dtús an fhoghmhair agus ráithche an Earraigh.
A chuirfeadh agus a bhainfeadh an eorna,
Agus chomhairfeadh í 'ná beartaibh.
Saidhbreas ríogh na fódla,
Agus a fhághail in' ór buidhe le sgapadh,
Agus go mbfearr liom mo mhíle stóirín,
Ná mo phósadh le baintrigh.
V
Tógfaidh mé mo seolta,
Go dubhbrónach liom ar maidin.
Ar cuairt ag mo mhíle stóirín,
Is go deó deó ní chasfadh.
Séard dubhairt sí liom na bpogfainn,
A rós-bhéilín mheala.
Is ní léir dhom na bóithrí,
Ag na deoraibh do mo dhalladh.
VI
B'ait liom fear láidhe,
Fear sleagháin agus fear sluaisde.
A dheanfadh a (shúisde) shúisthe a láimhsiughadh,
Ar an t-sráid seo is é ag bualadh.
Fágfaidh mé an áit sé,
Mar tá sé 'na chír tuaitbhill.(continues on next page)- Collector
- Éamon Mac Giolla Mhártain
- Gender
- Male
- Address
- Killerduff, Co. Mayo
- Informant
- Mártan Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Killerduff, Co. Mayo