School: Baile an Chaisil B.
- Location:
- Ballycastle, Co. Mayo
- Teacher: Mícheál de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile an Chaisil B.
- XML Page 627
- XML “Ainmhithe Allta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní dhéanann an broc mórán dioghbáil acht deanann sé go leór mhaitheasa. Marbhuigeann sé giorrachaí, coiníní, agus tionntuigheann sé an talamh mar muc ag cuarthuaghadh bídhe.Déanann an easóg go leór dioghbháil. Marbhuigheann sé sicíní agus cearca agus déanann sé maitheasa mar marbhuigheann sé na luchóga agus franncaigh.Itheann an fiadh féír agus coirce agus itheann an coinín, féar agus geamhair.Muna n-ólann an firéad an bainne uilig a thugann duine dhó, deirtear go bhfuil leigheas ins an bhainne atá fágtha aige le h-aghaidh an truca.Nuair nach mbíonn duine indhon dealg a bhaint as a mhér gheibheann sé teanga mhadaruaidh agus cuireann sé ar maos í. Nuair a bhíonn sé tamall ar maos cuireann sé thart ar an mhér go ndiúileann an teanga an dealg. Nuair á bhíonn pian i dhrui duine déanann sé crios de craiceann ghirrfiadh agus cuireann sé thart ar caol a dhroma é agus fágann sé ar é go n-imthigheann an pian.Déantar sparán de chraiceann na h-easóige agus deirtear an fhaid a bhíonn ceann de na sparáin sin ag duine go mbéidh airgid a shaith aighe. Cuirtear craiceann an t-sionnaigh chuig fearaibh atá indhon a gléas agus nuair a bhíonn sé gléasta i gceart caitheann na mná é. Déantar taipéiseach as craiceann an bhruic. Déantar cótaí, mitóga, leathar, agus brístí marcuigheacht as craiceann an fhiaidh. Déantar lineáil na gcótaí as craicean an coinín. Seo scéalta ainnseas faoi gliocas an t-sionaigh:-(continues on next page)
- Collector
- Seán de Búrca
- Gender
- Male
- Address
- Gortatoor, Co. Mayo
- Informant
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 55
- Address
- Lackanhill, Co. Mayo