School: An Chlais Mhór, Eóchaill (roll number 2889)
- Location:
- Clashmore, Co. Waterford
- Teacher: Liam Suipéal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíonn an deatach ag tuitim go dtí an dtalamh agus an lá go breágh sin droch-chomhartha. Nuair a cloistear an abha luiche i gClais Mhóir insan tráthnóna deirtear gur droch-chomhartha é. Nuair a chífir an fiach dubh ag eitilt siar ar maidin droch-chomhartha is eadh é sin. Nuair a bhíonn gealach nua i fhuirim crúth capaill, sin comhartha go mbeadh aimsir olc i rith na míosa seo. Nuair a bíonn dath dearg ar an grían agus é ag dul fé sin comhartha go mbeidh aimsear bréagh againn.Na h-Eanlaithe, Nuair a bhíonn na phréacháin ag eitilt go h-íseal comhartha é sin go bhfuil fearthainn ag teacht.
Cuma naTeine. Nuair a bhíonn an cat ina shuidhe i n-aice na teine deirtear go mbeidh fearthainn ag teacht.
Na Sleibhte. Nuair a bhfeiceann tú na sleibhte cóngarach sin comhartha go mbeidh ceathanna i rith an lae,
Cuma na Fairrge. Nuair a bíonn alán dath ar an fairrge sin comhartha go mbeidh ceathanna i rith an lae.
Cuma na sSimné. Nuair a bhíonn an deatach ag dul suas díreach sin comhartha go mbeidh an aimsir go breágh.- Collector
- Máire Ní Condúin
- Gender
- Female
- Address
- Clashmore, Co. Waterford