School: An Chlais Mhór, Eóchaill (roll number 2889)
- Location:
- Clashmore, Co. Waterford
- Teacher: Liam Suipéal
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Deirtear nuair a bhíonn an speir ag feuchaint go h-íseal, droch comharhta é sin. Nuair a bhíonn fáinne mór thimcheall na gealaighe, comhartha é sin go mbeidh droc aimsir ag teacht. Nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh ró luath ar maidin tae éis oidhche fearthainne deirtear go mbeidh lá olc againn annsan. Nuair a bhíonn réalta ag tuirim, comhartha é sin go mbeidh sioc againn agus nuair a bhíonn réalta in aice na gealaighe deirtear gur comhartha é sin go bhfuil athrughadh ag teacht ar an aimsir. Nuair a bhíonn an bogha leac ins an dtaobh thuaidh deirtear gur comhartha é sin go bhfuil stoirime ag teacht agus nuair a bhíonn sé ar an taobh thiar deirtear gur comhartha é sin go bhfuil an aimsir briste. Sé an gaoth andheas an ghaoth is mó a beireann báisteach leithí. Deirtear nuair a bhíonn na préacháin ag eitilt anonn is anall sa spéir comhartha é sin go bíonn fearthainn againn. Deirtear nuair a bhíonn an spéir an-dhearg um tráthnóna tar éis an ghrian ag dul fé, comhartha é sin go mbeidh sioc ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn an deatach ag dul suas díreach as an tsimné, comhartha é sin go mbíonn aimsir breagh ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn na géana ag eitilt go h-árd, comhartha é sin go bhfuil aimsir breagh ag teacht. Deirtear nuair a bhíonn sioc laoi ann agus an gaoth indheas, comhartha é sin go mbeidh fearthainn againn.
- Collector
- Máire Ní Bhéal
- Gender
- Female
- Address
- Coolbagh, Co. Waterford