Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 241
- XML “Cloch Labhrais”
- XML “An Gorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air agus bhí an fírinne aige ceann acu mar gheall air agus ar bréag aige ceann ceann eile. Agus d'éirigh argúnt eatorra. Agus d'osgail an cloch agus sé an rud a dubhairt sé an rud ná bíonn an fhírinne searbh arsa cloch labhrais ag preabadh. Tá an cloch ann fós agus é osgailte.
- Tháinig an dubh ar na prátaí agus fuair an cuid is mó des na daoine bás ar thaobh na bóithre agus ins na páirceanna. Chuaidh an cuid eile de's na daoine go dtí tighthe na mbocht. Bhí bean ann agus bhí fear leí istig i stígh na mbocht agus fuair sé bás agus bhí sí timcheall triochad míle ón áit. Tháinig an bhean leis an choifín ar a dránh aici gur bhuail fear leí timcheall leat mhíle ó'n áit. Agud d'fhiafruigh sé di cár raibh sí ag dul agus inis sí do agus dbhairt sé leí é a chuir isteach sa chairt agus thug sé an coifín agus an fear go dtí an áit ina raibh sí chun í a chur.
- Bailitheoir
- Seán Ó Cionáith
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford