Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- Suíomh:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Múinteoir: Pilib Ó Foghlú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Leathanach 345
- XML “Saibhreas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-shaibhir. Aon lá amháin chuaidh fear bocht isteach chuige agus dúirt sé leis rud éigin do thabhairt dó le n-ithe.
Ní thabharfadh sé dó é agus dúirt sé leis imeacht amach an doras. D'imigh an fear bocht amach agus chuaidh sé isteach i dtig eile agus ní raibh aoinne istigh ach bean a tighe agus bhí sí ag ól té.
Dúirt sí leis teacht isteach agus braon té a ól.
Chuaidh sé isteach agus d'ól sé é.
Ansan d'imigh sé leis agus d'fhág sé slán ag bean a tighe.
Nuair a d'éirigh an bean ar maidin cad a bheadh ar an bórd ná deich bpúint agus dúirt sí gur maith an rud gur thug sí an tá don fear bocht. Deirtear gur ceart rud éigin do thabhairt don duine bocht má tá sé agat ar aon chor.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Dhrócháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford