Scoil: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (uimhir rolla 14202)
- Suíomh:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Múinteoir: Seán Ó Conaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An pósadh bhí i gCána
Bhí Rí na nGrásta ann i bpearsa
Bhí, agus a Mhuire Mháthair is narbh álainn í an bhainfheis
An chuileachta bhí i gcionn chláir bhí fíon ortha i n-easnamh
Agus an t-uisce bhí ins na h-áthraibh nár bhréag é le blaiseadhSí an Mhaighdean bhréag naomha í nár dhein riamh an peaca
An plannda úd do shíileuig ón Rí ceart do Fearra
Cuireadh bhúr n-athuinge go dílis chun Croí ceart a dalta
Chun an ród a bheith saor againn ag triall chun an Flaithis.A Athair agus a Íosa, Rí-geal na cruinne
D'iomchuirig an choróin spíceach agus truimeacht na croise
Id stracadh sid straoileadh idir daoine gan chumann
Chun na glais úd do scaoileadh bhí choidhche i nár gcoinnibhNach ró-bhreágh na tabhartanais a fuairis ó do mháithrín
Le gráin ar an bpeacadh 'seadh thonaigh na grásta
Do chomhacht a bhí go mór as do thróchaire gan faillís
Go mbí Fuil R na Glóire beidh go deo ins an gCaillís.Nach ró-bhreá an sólás thug Rí na nGrást dúinn in aisce
A chuid fola agus feola mar lón dos na peacaig
Ach mairg a chuireann spéis i n-ór buí ná i rachmus
Mar níl ann ach mar bheadh lóchán seachas glóire na bhFlaitheas.- Bailitheoir
- Seán Ó Conaire
- Inscne
- Fireann