School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- A Pheacaig, déin machtnamh agus múscailt
Agus cuimhnigh ar Úr-Mhac na hÓg
Sinn tú do sheachaint ar pheaca na dtrúisc
'S ar mealladh gach comh-bhruinneal óg
Mar a mheasaim, ní slachtmhar é do g-cúntas
Agus a n-olcas a dhíolfar leag fós
'Mach as Parrtahas beannuighe an Úir Mhic
Mar a gcasar ar chruaidh-ghol is deór.2.
Dá mbeadh cuimhne ná smaoineadh ag Gael bocht
Dé an s-solás tá sa saol so le fáil
Is minic a bheidís ag géar-ghol
'S ní ag imeacht ar straé mar atáid
An t-Aifreann ná diúltaigh ar aon rud
Níl aon sólás sa saol so níos fearr
Ann a mbeirimíd ceud glóire agus buíochas
Leis an t-Aon Mhac a dhein eis-éirí slán.3.
Tráighfidh an fharraige drúchtmhar
Agus silfidh gach cruadh-charraig deór
Agus iompóchaidh an ghealach a cúl linn
'S an ghrian-gheal ní soillseódh níos mó
Tiocfaidh na h-Easbaill 'nár dtimpeall
Agus Banríon Gheal chumhtha na n-óg
Agus séidfidh an t-aingeal a thrúmpa
'S raghaidh gach anam na comh-cholann chóir.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Donncadh Ó Caoimh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Mountmelleray, Co. Waterford