School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán Ó Floinn as Cill Choinnigh do dhein an t-amhrán so nuair a bhuail fonn dul ag Sasna Nua é timpeall 1834. Gaol gairid don tsean-duine a thug dom roinnt mhaith des na h-amhránaigh atá scíobhtha anseo.Slán agus céad chun Chill Choinnigh tá im dhéidh
'S fágaim ann de ló is d'oíche é
Is chun Cluain na gCuigéal mar ba mhinic ann mo thriall
Agus slán leatsa a Thuair an Fhíona
Mar is ann a bhíodh an greann gach am a ghabhainn ann
Is níor bhfada liomsa lá is oíche ann
Ag tarraingt ar mo rogha idir an dá ghleann
Ar an dtaobh so de'n droichead abhainn.Sé cloisim-se dhá rá gur suarach é mo ghádh thar sáile
Ná fuil ionam ach réic, árd-inntinnual gan chéill
A d'ólfadh mo rath i dtigh tabhairne
Tá mo shúil-se féin go dluith le Rí glé-geal na gCumhacht
Go sáróchad féin a ráite
Mar 'sé m'árd inntinn féin tá im' chur in imigéin
Is Rí geal na Naomh im ghárdáil.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male