School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair do bhíosa im lead deich mbliain nó mar sin, is cuimhin liom gur chuaidh m'athair ar choisideacht go tig feirmeora a bhí trí Mhíle ó bhaile.
Bhí an maidin an-fhluic ach taréis am dinnéir bhris an ghrian amach ag taithneamh agus ba ghairid go raibh deire leis an fearthainn.
D'éirigh tuille san abhainn (Abha na Fionnuisce) agus bhrúcht an t-uisce thar a teorainn in áiteanna.
Bhog m'athair leis fé dhéin an tighe agus le cois na h-abhainn. Bhí air dul thar bhrághaid túrnóige agus bhí an chlais ar a h-aghaidh lán de uisce ón dtuille. Thug sé fé ndeara earball éisc ag 'curtáil' ann. Bhí bata-láimhe aige ina ghlaic agus leis seo déirigh leis an t-iasc do thabhairt leis go port nó bruach an locha.
Cad a bhí aige ach bradán, ach conas d'éirigh leis a bheith san áit sin? Seo mar thárla. Potséirí a bhí amuigh. D'éirigh leo bhreith ar seo agus sar a bhí deire na feide caite aige caitheadh isteach sa loch é le fonn casadh air nuair a bheah deire le na dturus.
Bhuel, thóg m'athair a shiosúr as a phóca agus gearr líneáil a chasóige. Isteach leis an mbradán. Ar ais léim m'athair agus tar éis an bradán do thabhairt do mo mháthair chun é do bheiriú chun suipéir, d'imigh arís agus thóg sé an casán ceadna. Nuair do bhuail(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Address
- Cappagh, Co. Waterford