School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Duine é seo a bhuail samhailt a mháthar cuige oíche roimh fhéil Sheáin dhá rá leis gur lamhachadh a dhriothár sa Chnoc Buí i bparóiste Tuar an Fhíona.
Is ó Donncadh Ó Caoimh do rugadh i dTuar an Fhíona timpeall ceithre fichid bliain ó shoin agus do fuair bás le h-ais Mhillerí ceithre blian ó shoin, do fuaras.Is dúbhach cásmhar do bhíos-sa nuair a dhearas samhailt mo mháthair go cráite is í ag síor-ghol.An Mháthair :
Éirigh id shuí, a Phádraig, is cráite beidh an croí agat
Tré bhás do driothár álainn do lámhach sa Chnoc Buí amuighAn Mac :
Fóil, fóil, ná h-imigh uaim go n-eósfair brí do scéal dom
Ní fuiris é chur i dtuiscint dom go bhfuil an sconaire sin traochta
Sé dúirt sí, bean gan gangaid mé nár thaithig riamh an t-éitheach
Is ag crosaire na bhfeadán 'sea gabhadh de piléar air.
Dá mbeadh litir agam ó Murchadh scríobhta fé na shéala
Chuirfinn dtí's na Craithig í nó a mhaireann siad in aon chur
Níl aon buachaill tuatha ó Lios Mór dtí Chluain Uí Phaorais
Ná beadh ag teacht as faobhar air agus fuam aige do éileamh.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- Donnchadh Ó Chaoimh
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male
- Address
- Mountmelleray, Co. Waterford