School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Doghadh tig i bparóisde Bhaile-an-Phuill os cionn leath-cheud bliadhain ó shoin agus scuabadh fear-a-tighe agus bean-a-tighe sa tóiteán acht tháinig saor an t-aon duine amháin a thug Dia dhoibh mac.”
Doghadh tig i bparóisde Bhaile-an-Phuill os cionn leath-cheud bliadhain ó shoin agus scuabadh fear-a-tighe agus bean-a-tighe sa tóiteán acht tháinig saor an t-aon duine amháin a thug Dia dhoibh mac. Thóg aintín idir láimh é go raibh fásta.
Gabhadh in Eochaill é lá i dtaobh meisce agus tugadh dtí an mbearraic é.
Chuaidh aintín chun é do shaoradh agus chuaidh na fochair comharsa dárbh ainm Patsy Dineen. Ní raibh ag Patsy bocht ach Béarla bréan briste ach shaoil go bhfaghadh sé trua do chur i gcroí an Sarjent le scéal an tinteáin.
Luíeadar ar an scéal ag an mbearraic.
"Is this his mother"? arsa an Sárgint
"Tis not" arsa Patsy, "tis a poor auntie, fir burn a house, a burn a man".- Tháinigh comharsa ar an mbuachaill seo ach níor chuir pioc suime sa mbríste.
"Níor chuiris aon tsuim im' bríste nua" arsa sé.
"Mhuise" arsa an comharsa "go mairir do bhríste nua
Go mairir do chlú is do chrat
Go mairir sa tír seo beó
Is go mairir go deó ar Neamh"- Collector
- Seán Ó Conaire
- Gender
- Male
- Informant
- P. Stúnthóin
- Relation
- Not a relative
- Gender
- Male