School: Coill Íseal, Ceapach Chuinn (roll number 14202)
- Location:
- Killeeshal, Co. Waterford
- Teacher: Seán Ó Conaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá ceanntar i bparóiste Máigh Deilge is ainm dó An Ceathramhadh Garbh. Tá sé suite ar cnoc árd agus gan foithint ar an gaoith ann. Tá an talamh go bocht, cruaidh, clochach.
Bhí sclábhuidhe lá ag caitheamh clas i bpáirc ann agus ba obair cruaidh i i dtaobh na gcloch. N raibh aon dul chun cinn ag an sclábhuidhe bocht agus bhí sé ag cur alluis ar a cháirde.
Bhuail fear go dtí é agus tar éis beannaithe dó, d'iarr conas a bhí ag éirí leis. Féach conas tá ag éirí liom ag árdacht a chinn ar a raibh an t-allus ag déanamh sruthanna beaga síos tré a mhaillaí.
"Mhuise" arsa sé go searbh
"Seo Ceathrú Garbh na gCloch
An mbíonn síon ann, ló is oíche
Na daoine ann go beo bocht
Is ná dtugaidh Dia arís mé anseo go deo ná choidhche".- Collector
- Seán Ó Ceallacháin
- Gender
- Male
- Address
- Cappagh, Co. Waterford