Scoil: Fionn-Tráigh (uimhir rolla 16357)
- Suíomh:
- Fintragh, Co. Donegal
- Múinteoir: Aibhistín A. Mac Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Fionn-Tráigh
- XML Leathanach 171
- XML “Dúdlem Dee”
- XML “An Gasúr Amaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’innis sé dó an uile ceist a chuireadh siad air le dúdlem dee a rádh, ach dá mbainfeadh sé an chas go mbéadh aige le cúig punnta a thabhairt dó. Rinne an fear seo agus bhain sé an chas. Casadh an dligheadóir air ag fágail teach na cuairte dó, agus d’iarr sé a chúig phunnta air ach dubhairt seisean dúdlem dee agus ní thiocfadh leis an fhear dadaidh a dheánamh leis. Chuaidh sé abhaile agus bhí an bó agus an t-airgead aige.
- Bhí baintreabhach ann aon uair amháin, agus bhí mac amháin aice. Bhí sé amaideach. Prodasdunaigh a bhí ionnta agus anois agus aríst thugeadh an ministéir thart a’ amharc ortha. Lá amháin tháinig sé thart, agus ní thiocfadh leis imteacht ná bhí sé ag cur go trom.
Nuair a n tháinig an oidhche, thug an bean a shuipeár dó agus choirigh sí leabaidh fa na choinne. Chuaidh sé a luighe agus thuit sé in a chodladh. Ní fhacaidh an gasúr ministéir aroimhe agus bhí sé ag gabháil síos gach bomaite ‘un an t-seomra ag amharc air. Bhain sé na bróga de ar eagla go mhusgladh sé é.
Ag glanadh an lae chuaidh sé síos agus bhí cuileóg ar aghaidh an mhinisteóra agus ní thiocfadh leis é a chur ar shiubhal. Chuaidh sé suas go dtí an cistineach agus fuair sé tuairnín leis an chuileóg a marbhadh. Annsin buail sé an chuileóg, agus marbh sé an mhinistéir. Ní rabh fhis ag an mháthair annsin caidé a dheánamh sé.
Bhí fear in a chomhnuidhe ar an bhaile sin a dtugadh siad Micí air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Nic Cuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fintragh, Co. Donegal
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Killybegs, Co. Donegal