School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 11
- XML “Seanchas na hAimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag teacht. Na Eanláith: Seo na comharthaí a bheireann na h-éanacha dúinn. An Preachain: 1. Roimh stoirim bíonn an preachán le feiceáil ag gabhail go dtí na sléibhte. 2. Bíonn sí ag cuartughadh bidh a choinneochas beo í fhad a bhíos an stoirm ann. 3. Géibheann sí an bídh seo o'na chaoirigh atá marbh. An Spídeog: 1. Roimh stoirim tígheann an spídeóg bheag go dtí na doirse ag iarraidh bidh. 2. Nuair a bhíonn an aimsear fuar ann, agus an sioc agus an sneachta ar an talamh. 3. Téidheann an spídeóg bheag isteach i sean bhallóg no sean bhoitheach agus fanann sí annsin go dtí go mbíonn an stoirim thart. 4. Ní bhíónn bídh ar bith aici le fághail i rith na stoirime. An Córr-Mónadh: 1. Nuair a bhíónn an chórr-mhónadh le feiceáil is cinnte go bhfuil fearrthain ah teacht. 2. Roimhe stoirim bíonn sí le feiceáil ag gabhail suas an abhainn. 3. Bíonn sí le feiceáil fósta ag gábhail go dtí na sléibhte ag cruinniughadh bidh agus ag cuartughadh fásgaidh. An Philibhín: 1. Nuair ata an philibhín le feiceáil is cinnte go bhfuil stoirim sneachta ag teacht. Ní bhíónn sé le feiceáil aon uair sa bhliadhain acht amháin nuair atá stoirim sneachta ag teacht. An Snag-bhreac: 1. Seo na comharthaí a bhéireann an snág-bhreac dúínn. 2. Roimh stoirim fearthainne bíonn sí le feiceáil ag cruinniughadh bidh. 3. Bíonn sí ag éirighe fásgaidh a fhághail ins na coillte. 4.(continues on next page)
- Collector
- Cáitlín Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Ardvally, Co. Donegal
- Informant
- Brigidh Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Ardvally, Co. Donegal