School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 76
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear agus a bhean ina gcomhnaidhe comhgarach do loch am amháin. Bhí cailín amháin aca agus bhí sí dall.”
Bhí fear agus a bhean ina gcomhnaidhe comhgarach do loch am amháin. Bhí cailín amháin aca agus bhí sí dall. Lá amháin d’iarr an cailín ar a athair í a tabhairt go dti bruach na locha. Thug seisean go dtí an loch í agus d’iarr sé uirthí a fhanacht annsin go dtigeadh seisean aráis fá na choinne. Bhí guth an maith ag an cailín agus toisigh sí ag ceol. Ní rabh sí ibhfad ag ceol gur tháinig brádán aníos ar bharr an uisge agus thoisigh sé ag éisteacht leis an cailín. Nuair a stád sí ag ceol dubhairt an brádán “Is mór an truagh” arsa seisean “go bhfuil tú dall, acht má chuimileann tú croiceann bradán ar do súile tcidhfidh tú iríst. Nuair a tháinig an t-áthair fá choinne an cailín d’innis sí do an rud a dubhairt an bradán agus bhí an áthar ar. An tráthnóna sin chuaidh an t-áthair ag iasgaireacht ins an loch. Nuair a bhí sé tamall ag iasgaireacht an bhaoithe trom agus chuaidh sé síos ins an loch. Níorbh gur cuaidh sé (síos) isteach i seomra mhór bhí fear ina shuidhe ag an teinidh agus bhí culaidh dearg éadhaigh ar. Beannuigh sé do in a anam. Dubhairt an fear go rabh sé ag iasgaireacht ins an loch agus gur éirigh an bhaoithe trom agus gur chuaidh sé síos ins an loch. “Bhal a Shéain tá tú i gcuairt rí an locha anois” ársán fear. “Cen doigh a tharlaidh sé go bhfuil túsa do chomhnaidhe annseo ársan(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Micheál O Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal