Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 40
- XML “Scéal Greannmhar”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thug sé a aghaidh ar an bhaile. Ní rabh sé ábalta a theacht abhaile bhí sé comh dorcha sin agus b'éigin dó suidhe síos aríst. Nuair a tháinig bánughadh an lae ann thosuigh sé ar a thurais. Nuair a shroich sé an bhaile bhí an-ocras air. Bhí a bhean amuigh a' chuartughadh. D'iarr sí air caidé a choinnigh sé ar an chnoc le trí lá agus dubhairt sé do'n bhean gach rud a thárlaidh dó agus bhí iontas uirthí. Ní dheachaidh Liam amach ag seilg go cionn tamaill airíst, nó bhí eagla air.Áine Ní Dhomhnaill
Carraig a' tSléibhe
Árd a Rátha.Micheál Ó Domhnaill
Carraig a' tSléibhe
Árd a Rátha. Scéal
“Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal an bhothar lá 'mháin. Bhí asal aca. Dó bhuail triúr fear leo.”
Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal ar bhóthar lá 'mháin. Bhí asail aca. Dó bhuail triúr fear leo. "Nach greannmhar an sgéal é." arsa duine aca, "iad seo a bheith ag coridheacht, agus asal láidir aca." Nuair a chualaidh fir an asail an chainnt seo, dubhairt duine de na fearaibh óga le na athair dhul in airde ar mhuineal an asail, agus i gcionn tamaill eile bhuail beirt nó triúr eile leo. "Nach deas an rud é." arsa duine aca don tseanduine seo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eiblín Ní Cinneidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal