School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 19
- XML “Fir Mhaithe Siúil”
- XML “Fir Láidre”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fir Mhaith Siubhail.
Bhí fear ann aon úair amháin agus bhí sé an laidír agus bhí sé an mhaith ag siubhail. Seumas O’Miadhcháin an t-ainm a bhí air agus bhí sé ina chomhnaidhe in Mhaigh i bPáiriste Árd a’ Ráth.
Mhaidín amháin d’éirigh sé go luath, bhlighe sé na bá, agus shiubhail sé go dtí Tóbhar a’ Dúin. Nuair a chaith sé tamall annsin tháinig sé abhaile agus bhí sé san bhaile in am leis na bá a chur asteach sa’n tráthnóna. Acht cibé áit a rachadh sé bhíodh sé abhaile gach tráthnóna an lá céadhna.
Lá éile bhí aonach ins na Gleanntaí agus d’éirigh an fhear seo go luath ag leath-uair ina dhiaidh a chúig ó chlóg agus chuaidh sé [?] na nGleanntaí. D’fhán sé tuairim agus trí uaire ag aonach na nGleanntaí agus tháinig sé abhaile annsin.
Seo an dóigh a tháinig sé abhaile. Tháinig sé asteach an chnoch agus ní rabh sé acht leath-uair ag teacht na bhaile. Nuair a tháinig sé abhaile bhí sé fá thuairim agus a sé ó chlog sa’n tráthnóna. Annsin thug sé na bá abhaile o’n chnoc agus cuir sé asteach ins an bhoitheach íad. Bhlighe sé íad annsin aríst.- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Micheál O' Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Fir Láidre 31/12/’37
(Bíonn) Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seamús O’Chearbáin agus bhí sé ina chomhnuidhe in Mín na Bhrádan, bhí sé an laidír.(continues on next page)