School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 39
- XML “Scéal Greannmhar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ina chomhnuidhe i mBinn Bán darbh ainm Liam Ó Gallchobhair. Bhí sé pósta agus bhí ingean amháin aige. Lá amháin chuaidh sé amach ag seilg agus thug sé leis a mhadadh. Chuaidh sé suas an cnoc agus mharbh sé cúpla gearr-fhiadh. Bhí sé ag seilg go dtí an tráthnóna agus annsin d'éirigh sé tuirseach.
Bhí sean-bhalla comhgarach do'n áit a rabh sé ins sheasamh agus shíl sé go suidheadh sé síos tamall ag taobh an bhalla. Nuair a bhí sé tamall ina shuidhe thuit sé ina chodladh agus thosuigh sé ag broinnloidigh. Bhí sé fá thuairim míle go leith ó'n bhaile anois. Shíl sé go dteachaidh sé isteach ins an t-sean-bhalla agus go bhfaca sé dhá fhear déag ina suidhe thart fá theinidh mhór agus go rabh siad an sean. Bhí siad ag ól amach as buideal mór a bhí líónta le dheirg fhíon.
Nuair a bhí Liam tamall istuigh d'iarr siad air braon a óπ as an bhuideal agus nuair a bhí sin ólta aige chuaidh na fir a luighe agus d'iarr siad ar Liam an teinidh a choigilt. Rinn sé seo agus annsin nuair a shíπ sé go rabh sé ag a luighe mhusgail sé. D'amharc sé thart air agus tháinig an-iontas air nuair a chonnaic sé go rabh an oidhche ann. D'éirigh sé agus sgairt sé ar a mhadadh acht ní rabh sé le feiceáil, annsin(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Micheál Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal