School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 41
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí seanduine agus a bheirt mhac ag siubhal an bhothar lá 'mháin. Bhí asal aca. Dó bhuail triúr fear leo.”
(continued from previous page)a bhaith ag maraidheacht ar an asal, agus gan aon truaigh a bheith aige dá bheirt mhac." Nuair a chualaidh an seanduine an chainnt seo, léim sé den asail, agus chuir sé an bheirt mhac ag marcaidheacht ar an t-asal. Bhí fear ag siubhal ar an bhóthar. Chais an fear seo ar na daoine a bhí ag marcaidheacht. "is mór an náire mar sin, agus é caithte críonna, ba chóir díbh é a chur ar an asal. Nuair a chualaidh na mic an chainnt sin, dubhairt siad le na -athair a dhul in airde ar an asal i gcuideacht leo fhéin, agus chuaidh sé suas. Ní rabh siad i bhfad ar an asal gur bhuail ceathrar fear leo. Nuair a chonnaic siad an ceathrar fear ag marcaidheacht ar an asal. Maise! féach ar sin mar obair ar seisean "an ceathrar fear mór láidir ar mhuineal an asail bhig." Nuair a chualaidh na fir an chainnt seo, léim siad den asal. Chuir siad an t-asal a ghuailnibh agus na fir ag gairdhe ortha. Nuair a bhí siad ag gabhail a bhaile, b'éigin daobhtha a gabhail treasna droichid. Nuair a bhí siad ag gabhail trasna rinn asal torman, bhí eagla ortha agus thuit an t-asal isteach ins an abhainn, agus baitheadh é, sul a rabh na fir abalta é a tharraingt amach.Eibhlí˜Ní Chinneidhe
Carraig a' tSléibhe
Árd a Rátha- Collector
- Eiblín Ní Cinneidhe
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal