School: Mín Teineadh Dé (roll number 8517)
- Location:
- Meentanadea, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 77
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear agus a bhean ina gcomhnaidhe comhgarach do loch am amháin. Bhí cailín amháin aca agus bhí sí dall.”
(continued from previous page)Séan. “O” ársan fear “nuair a bhí mise seacht bliadhna dé aois chuir mé fearg ar mo leas-mháthair. Thionntuigh sí m’áthair mar eala agus thionntuigh sí an teach mar loch. Tigeann sí anois gach oidhche agus gnidheann sí tormán thart fá’n seomra seo agus annsin ní bhionn mé ábalta codhlaidh, acht anois nuair atá túsa agam sílim go cuirfidh muid deireadh leithí”. Dubhairt Séan go ndeánamh sé a dhícheall. “Bal” arsán fear “gabh túsa anois go dtí an gharraidhe áta ar chúl do thoigh fhéin agus go díreach faoi’n chrann spianóige tá cloch mhór chruinn síos giota ins an talamh agus faoi an cloch sin tá cát dubh. Tabhair an cat go dtí bruach an locha agus béidh mise ag fánacht ort”. Thionntuigh an fear Séan mar bhradán agus snámh an bheirt aca go bruach an lócha agus thionntuigh fear an loch Séan mar fir iríst. Fuair Séan an chat agus thug sé í go bruach an lóchaí. Bhí an bradán ag feitheamh ar annsin. Chuaidh an bheirt aca síos ins an loch agus isteach ins an seomra leo. Thug an fear claidheamh do Shéan agus thug seisean an chat dosan. Níorbh bhfada go dtáinig an bhean draoidheach isteach agus bhí tuairim agus fiche cat leithí. Bhuail Séan í le na claidheamh agus thuit sí ar an talamh, acht ní rabh i bhfad gur éirigh sí írist agus bhí sé ag gabhail a thabhairt buille fealltach do Shéan nuair a bhuail an fear í eadar an dá shúil leis an chat dubh agus mharbhuigh(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal
- Informant
- Micheál O Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Carraig an tSléibhe, Co. Donegal