School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 118

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 118

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 118
  3. XML “Arán sa tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    iad agus bhí siad réidh le h-ithe annsin. Chuir siad tuilleadh ar an oighean annsin agus rinne siad an rud céadhna leobtha agus mar sin de go raibh moll mór bocstaí déanta aca. Bhí arán eile fosda a ba gnáthach leis na seandaoine a dhéanamh. Arán préataí an t-ainm a bhí air agus silim go bhfuil sé comh maith leis an bocstaí le h-ithe. Ní fhacaidh mise duine ar bith ghá dhéanamh acht chualaidh mé na seandaoine ag cainnt ar an dóigh a ndeanntar é. Na préataí a bhí fágtha indiaidh an dinneara baineadh an chraiceann daobhtha agus annsin brúghadh siad suas iad agus chuireadh siad salann ortha. Cuiread siad plúr ortha annsin agus meascadh siad an plúr na préataí agus an salann le chéile. Gníod siad bunógaí de agus ghearrad é in a giotaí beaga. Gheibhead siad roistín annsin agus chuiread siar ar an teine é agus chuiread siad triúr nó ceathrar de na giotaí beaga ar an roistín agus nuair a bhíodh an taobh íochtar déanta tionnthóchaidh siad iad. Nuair a bhíodh an taobh sin déanta thógad siad iad agus chuiread siad im ortha. Annsin chuiread siad tuilleadh ar an roistín. Bhíodh an t-arán aca fa choinne an tae tráthnóna.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghan Ó hEigheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Largymore, Co. Donegal