Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 140
- XML “Scéal Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Beag
“Ins an t-sean am bhí gearradh le díol ag na daoine go direach mar atá anois. Theigheadh fear na geartha thart uair amháin sa bhliadhain ó theach go teach ag tógail an ghearraidh.”
Ins an t-sean am bhí gearradh le díol ag na daoine go direach mar atá anois. theigheadh fear an geartha thart uair amháin sa bhliadhain ó theach go teach ag tógailan ghearraidh. Cuid de na daoine nach mbeadh airgead acha béarfadh siad giota báinín tíre do i n ionad airgead. Bhí bean istuigh in ghleann agus bhí muirinn mór aice. Ní rabh airgead ar bith aice le eadaígh a ceannacht do na bpáistí gréasán a rinn sí fa coinne an chios a dhíol bí aice le eadaigh a dheánamh do na b páistí de. Nuair a tháinig an tighearna ní rabh ins an teach acht í féin agus na páistí agus diarr sé an rabh gréasán aice. Dubhairt sí nach rabh go rabh aice le h-eadaígh a dheánamh do na páistí de.
Bheir sé uirthí agus thug leis í go dtug sé fad le ált fairrge í atá istigh a ghlean agus sé an t-ainm atá ar an áit Comos Binn.
Nuair a bhí na páistí ag fás suas na dhiaidh sin dinnsigh a n-athair daobhtha caidén bás a fuair a máthair. Nuair a bhí siad na mbuachaillí bí siad ag cur tuirisc cá rabh an tighearna seo na comhnuidhe. Dimthigh siad leobhtha na d triúr acha lá amháin agus bhí siad ag theacht ar theach an tighearna giota ón teach h-innseadh do go rabh triúr buachaillí ag tarraingt ar an teach agus siubhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seághan Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Aodh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall