School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 148
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)siad an t-am ar an ghrian. Ní rabh solus ar bith acú ar dtús ach giota giúmhaise agus bladhaire air sa teine. Cuireadh siad giota isteach sa teine nuair a thigeadh duine ar bith isteach le iad a aithne agus nuair a bheadh siad ag ithe an suipeár. Tamall na dhiaidh sin fuair siad amach an craiceann a bhaint de feaga agus annsin an laodhan a chur isteach i n-ola a thiocfadh as iasg.
“Uasc” an t-ainm a bhí air. Annsin lasadh siad na feaga le giota páipeár. Tamall na dhiaidh sin dimthigh siad agus fuair siad bocsa agus ghnidheadh siad poll sa chlár a bhí ar an bhocsa. Annsin gheibheadh siad giota sean éadaigh agus cuireadh siad é síos sa pholl agus cuireadh (sa) siad ola sa bhocsa agus d’fhágadh siad é i n-áit i dtugadh siad poll a bhaic air agus é lasta. Dealán an t-ainm a bhéarfadh siad air.- Collector
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- An Chruach Bheag, Co. Donegal