School: Sealbhuidhe (roll number 16045)
- Location:
- Shalwy, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig M. Mac Seághain
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sealbhuidhe
- XML Page 211
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus chuaidh sé amach ag iarraidh oibre. Sa deireadh rinne sé fastughadh le sgológ.”
(continued from previous page)Rinne sé sin no bhí eagla air roimh an ghunna Annsin thug sé leis an eallach agus d’imthigh sé leis.
Níor bhfada chuaidh sé gur chasadh air an sgológ agus d’innis sé do go bhfuair sé roimh an eallach ag Baile-Na-gCreach. Agus annsin shíl an sgológ i mhór den bhuachaill acht dubhairt an bhuachaill go rabh sé ag imtheacht. Rinne an sgológ a dhicheall le é a choineaill acht ní rabh gan ann Dubhairt an sgológ dá bhfanochadh sé gach rud a bhfuigheadh sé fhéin go dtabharfadh sé a leath dó san.
Maith go leor arsan buachaill fanochaidh mé agat Chuaidh siad giota eile agus chuaidh an sgológ isteach i dteach fá choinne deoch.
Anois arsan buachaill nuair a tháinig sé amach fuair tú deoch agus níor thug tú a leath domhsa slán agat anois nuair a chonnaic an sgológ go rabh sé ag imtheacht d’fiafruigh sé do cé’n uair a mbéidh sé arais Ní feichid tú mise arsan buachaill go dtí la h-eag na dtéag.- Collector
- Máire Ní Ghoill
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Cnoc an Cheo, Co. Donegal
- Informant
- Eamonn O Breislin
- Gender
- Male