Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 11

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 11

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 11
  3. XML “(Ortha) Leigheas an Dúileadáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear gallda ina chomhnuidhe i Málainn Móir darbh ainm de Roibeaird Morra. Tráthnóna amháin las Roibeaird a phíopa agus chuaidh amach da chaitheamh. Bhí galadh maith ann agus nuair a bhí sé ag dul thart binn an toighe shéid an ghaoth an aibhleóg a bhruigh sé síos i gcionn a phíopa, agus chuaidh giota de'n aibhleóg dhearg isteach ina shúil. Bhí a shúil an nimhneach agus ní rabh sé ábalta rud ar bith a fheiceáil leithi, agus bhí pian iongantacht ann fosta.
    An oidhche sin níor chodluigh sé néall. D'éirigh sé ar maidin agus chuaidh sé amach fan teach. Thug buachaill aimsir na comharsan fa dear é, agus d'fhiafruigh do goidé bhí cearr leis. D'innis Roibeaird do, fá mar tharluigh le 'na shúil.
    Gabh annsoir Shéaimín Ó Beirne i nGleann Mhálanna arsan buachaill tá leigheas léigheas (órtha) an dúileadáin aige. Bhí Séaimín ina chomhnuidhe míle nó míle go leith ó theach Roibeaird agus bhí a shúil comh dona sin nach rabh sé abalta dul fhad leis, acht chualaidh nighean Roibeaird an rud a d'innis an buachaill do a h-athair agus go brathach leithi agus níór bhain sí a méar de a sróin go rabh sí i dtoigh Séaimín Chiteóige.
    Bhí Seaimín agus a bhean na shuidhe cois
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
          1. medicine for human sicknesses
            1. sore eyes (~94)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Anna Morra
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Donegal