Scoil: An Mhálainn Bheag (uimhir rolla 14119)

Suíomh:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Múinteoirí:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 25

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 25

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Mhálainn Bheag
  2. XML Leathanach 25
  3. XML “An Fear ar Chuidigh na Daoine Maithe leis”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. "An fear ar chuidigh na Daoine Maithe leis"
    Bhí muirghín Gallda de na "Walkers" 'na gcomhnuidhe i Málainn mhór fad o shoin. Bhí ceathrar deárbhrathar aca ann.
    An fear ar b'ainm de "Nathaniel" (nó "Net" mar bheireadh bunadh an bhaile air marainm goirid) bhí seisean ina chomnuidhe i lár an bhaile agus bhí se sonnsuigheach go rabh an fear seo i gcomhnuidhe níor raibhbhre nó a chuid comhursan, aindeóin, go rabh oiread talaimh, agus stoic aca féin agus bhí aige - san agus d'oibbriughadh siad níor cruaidhe nó é fosta.
    Lá amháin, nuair a bhí "Net" ina sheanduine d'innis sé rún a chuid saidhbhris dó fhear de na comhursanaibh, agus seo é an scéal :-
    Badh ghnáthach le "Net" dul amach gach eile thrátnóna fríd a chuid mgilte, a bhí air bhruach na farraige, le h-amharc a thabhairt ar a chuid caorach, agus na beithidhigh eallaigh óga a bhí ag ingilt ann. Trátnóna amháin ins an Fhoghmhar bhí sé ag dul amach mar badh ghnathach, agus nuair a bhí sé comhgharach de "Locht-na-Súiaigh" chonaic sé an sgaifte gasúr beaga - cóirighthe in éideah dearg, agus iad ag imirt ar ardán beag, 'taobh shuas do'n loch. Bhí gasúr beag amhain ina imeasg nach rabh stoca a bith air, agus nuair a thainig Nét abhaile d'innis sé an scéal dó a mhathair agus d'arr oirthí péire beag stocaí dearga a deánamh dón gasúr nach rabh aon chionn air. Rinne sí seo, agus lá-thar-na bharach, nuair a bhí sé ag dul amach ag amharc ar a chuid caorach, d'fág sé an péire beaga stocaí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Niallghuis
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Málainn Mhóir, Co. Donegal