School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá Máire Ni Bheirn ina comhnuidhe i Málainnbheag agus tá an teach ina bhfuil sí na comhnuidhe fa thuairm trí chéad slat ó bruach na Trágha Báinne. Tá an Tráigh seo iomráidtheach a bheith ‘na áit comh uasal agus atá in Éirinn.
Innsigheann Máire an sceal seo a leanas –
Lá amhain fá thuairm naoí mbliadain déag ‘as fiche ó shoin bhí sí ag obair taobh amuigh de’n doras agus tcí sí an fear ag tarraingt ar an toigh. Bhí sé ag teacht bealach ina Tragha. An dara bleasg a thug sí air, chonnaic theas dí nach rabh sé i gceart, nó thug sí fá deara go rabh sé ag cuimilt a éadan go cruaidh
Isteach ‘na toighe leí agus arsa sise leis an t-seanbhean a bhí ag bogadh an cliabhain ‘sa choírnéal “Tá fear ag teacht aníos an “Muirbheach” agus sílim nach bhfuil sé ar dóigh”. “Druid an doras air” (arsa’n t-seanbhean) nuair nach bhfuil fear an toighe fá bhaile”
“Ní ceart an doras a druideadh ar dhuine ar bith” arsa Máire, agus ní dhearn.
Thainig sé isteach agus sheas sé leis an bhalla – giota beag aníos o’n doras, agus é ar a shean dhichill ag cuimilt a éadain. Fear fionn ruadh a bhí ann agus croiceann deas geal bán air, lán de bhricne, acht a éadan, agus bhí sin comh dearg le aibhleóg le méad an cuimilt a bhí sé ag tabhairt dó.
D’iarr sé braon taé agus giota aráin. Rinne Máire braon tae dó acht ní rabh aran ar bith(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Bheirn
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal