School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)
- Location:
- Málainn Bhig, Co. Donegal
- Teachers: Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá sean ballóg ar an Rós annseo i Málainn Bheag i dtalamh Connaill Mic an tSaoir, agus deirtear gur teach pobail a bhí ann fadó. Tá sé uilig leagtha acht amhain altóir, agus tá gioca de sin ina sheasamh go foill. Deir an sean bhunadh gur Naomh Caoimhighin atá ammnidhe leis.
Go dtí le h-aimsear ghoiridh théidheadh na daoine anonn go dtí an sean bhallóg seo dia dhomhnaigh agus dhearfadh siad a bpaidrín ann. Tá móran páistidhe afuair bás gan baisteadh curtha ann fosta.
Seo scéal a bhaineann leis an sean altóir seo. Tá sean tús fá thuaisin cupla scór slat (ar bhruagh na fairrge) o’n bhallóg agus ins an t-ochtadh aois déag nuair a bhidhtear ag chuir suas an Túr seo bhí fear Gallda de Cloinn Mhic Clionntoic ag cartal cloc chuig na saoraibh. Lá amhain chuaidh sé le na “chart” fhad leis an tsean altóir agus thosuigh a bhaint na gcloch amach as. Crosadh air seo a dheánamh acht níor thug sé aird ar dhuine ar bith acht chuaid sé ar aghaidh le na chuid oibre.
Ar maidin lathar na marach nuair a chuaidh Mac Clionntac ‘na stábla le féar a thabhairt do na chuid beithidhigh bhí a dhá bheithidheac capaill ‘ina luighe marbh.
Gach eile chloch d’ar baineadh as an t-sean altóir fágadh arais iad ins an áit cheadna, agus níor baineadh leis o’n lá sin go dtí’n la indiú.- Informant
- Máire Ní Bheirn
- Gender
- Female
- Age
- 71
- Address
- Málainn Bhig, Co. Donegal