School: An Mhálainn Bheag (roll number 14119)

Location:
Málainn Bhig, Co. Donegal
Teachers:
Máire Ní Bheirn Seosamh Ó Baoighill
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 38

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 38

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Mhálainn Bheag
  2. XML Page 38
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Dubh beag ar uigín.
    2. Teachtaire beag ó theach go teach ‘as bíonn sé ‘muigh san [oidhche].
    3. D’éirigh mé amach maidin dheas cheóigh ás chonnaic mé an marbh ag iomchur an bheó.
    4. Lom lán agus a bhéal faoí.
    5. Moiltín iarainn agus ruball olna.
    6. Ní fuil, feóil nó cnámh é. ‘As fuil agus feóil a d’fás sé Nuair a bhaintear an ceann dé, ólann sé deoch, agus ghnidheann sé síothchan idir caraid ‘as námhaid.
    7. Rith mé go bhfuair mé é, Shuidh mé gur chuartaigh mé é. An méid a fuair mé, caith mé ar shiubhail é, agus an méid nach bhfuair mé, thug mé liom abhaile é.
    8. Cailleach ‘sa coil, agus is árd a gloim, Puisín iarainn agus fiachal cruim.
    9. Cia siud thiar fríd an mhónadh – fear gan leónadh – fear gan rith. Séamus Ruadh na cosa caola, cruaidhe – Séamus Ruadh fear gan rith.
    10. Dhá cois faoí. Trí chos os a cheann. A cheann ina thóin. ‘Sa thóin os a cionn.
    11. Toit ar sleibh gan teine.
    12. Ceathair ag rith, ceathair ar crith, agus róibín ar deireadh.
    Freagraí.
    1. Sméar dubh. 2. Casan. 3. Bád. 4. Hata. 5. Snathad mhór. 6. Cleite (fadó ghnífidh pin daobtha agus sin an chiall atá leis nuair a deirtear an chuid déirinneach [do’n tomhais]
    7. Dealg. 8. Tuagh. 9. An bas. 10. Fear agus pota ar a cheann. 11. Cac bó. 12. Bó ag reathaidh agus a h-úth ag crathadh – róibín = ruball.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish