School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 503

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 503

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 503
  3. XML “Scéal - Fionn Mac Cumhaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    feasta go cinnte. Thug sé go dtí an phaláis iad agus thug sé féasta mór daobhtha agus indiaidh sin d'innis sé dobhtha gur dhubhairt an doctúir go mbéadh dúine chloinne ann an oidhche sin agus gur ghoideadh an bheirt a bhí ann agus go rabh eagla air go ngoidfhidhe é seo fosta agus go rabh sé ag fágáil áire an leanbh ortha-san. Fa thuairim an mheadhon oidhche tugadh an leanbh do Fionn agus cuireadh sa chliabháin é agus shuidh na Fianna uilig thart a choimheáid. Indiaidh tamaill móthuigheadh an tormán ar ceann an tóighe agus go díreach le sin chuir an fathach mór anuas a lámh agus bheir Neart Mhac Neart úirthi agus bhí duine aca ag iarraidh an lámh a tharraingt as an duine eile go dtí sa deireadh gur tharraing Neart Mhac Neart an lámh as ghualainn an fhathaigh agus annsin d'imhthigh sé. Acht indiaidh tamaill nuair a bhí an uile rud socair chuir an fathach anuas a lámh agus sgiob sé an leanbh amach as an chliabháin agus d'imhthigh sé leis. Bhí ag Fios Mac Fios fagháil amach anois cá rabh an fathach ina chomnuidhe agus dubhairt sé go rabh sé ina comhnuidhe sa Domhain Thoir agus go rabh mhathair an fhathaigh ag bogadh an páiste sa chliabháin agus go rabh an dá pháiste eile ar goid sé ag iomchur uisge agus a dhortadh isteach ins an áit ar tharraing Ne-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Beirn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Domhnall Ua Mhaoldomhuaigh
    Gender
    Male
    Age
    55
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal