School: An Charraig (roll number 13946)

Location:
An Charraig, Co. Donegal
Teacher:
S. Ó Beirn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 526

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1046, Page 526

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Charraig
  2. XML Page 526
  3. XML “Scéal - An Bhean Ghlas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé [!] dí an n-imreóchadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreóchadh sí cluiche. D'imir siad cúpla gan geallta. Dubhairt sí leis go n-imreócadh siad cluiche le gealltaibh. An té a bhainfeadh an cluiche go gcaithfeadh an duine eile a chuartú roimhe lá agus bliadhain no go gcaillfeadh sé a cheann. D'imir siad an cluiche agus bhain an Bhean Ghlas é. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé í a chuartú roimhe lá agus bliadhain, no go gcaillfeadh sé a cheann, agus d'imthigh sí arais go dtí an bhádh caol dhubh. Nuair a bhí bliadhain agus lá ag tarraingt air, d'iarr sé ar a mháthair lón beag aráin a dheánamh dó, agus rinne. D'imthigh sé a chuartú na Mna Glaise. Nuair a bhí neoin agus deireadh an lae ann chonnaic sé solas beag i bhfad uadh agus i neas do, agus tharraing sé air. Bhí teach beag ann a bhí bun cleite amach agus bárr cleite isteach, agus cleite amháin ag coinneáil an toighe 'sna súgáin. Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe nach rabh áit aige dó, agus ins an deireadh choinnigh sé é. D'innis an buachaill dó fear an toighe caidé thug ar shiubhal é, agus dubhairt seisean go rabh dearbhráthair do-san ina leitheád seo de áit agus béidh aige an oidhche ar na bhárach. Nuair d'éirigh fear an toighe ar maidín, bhí an buachaill ina shuidhe com luath leis. Shéid sé fideóg, agus ca rabh éan ar an t-saoghail nach rabh cruinnighthe aige i gcionn bomaite, acht an Bhean Ghlas, ní rabh sí le fagháil, shiubhail sé leis an lá sin,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0313: The Girl as Helper
    Language
    Irish
    Collector
    S. Ó Beirn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    An Charraig, Co. Donegal
    Informant
    Seán Ó Dóchartaigh
    Gender
    Male
    Age
    47
    Occupation
    Fear poist
    Address
    An Charraig, Co. Donegal